Gairm ar Thograí

Imeacht Bliantúil 2024

4 – 5 Meitheamh 2024

Coláiste na hOllscoile Corcaigh & Ar Líne

Tá áthas ar Chumann na nDaonnachtaí Digiteacha idir an Ríocht Aontaithe agus Éire gairm ar thograí a fhógairt d’Imeacht Bliantúil 2024, a bheidh ar siúl i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ón 4 – 5 Meitheamh 2024. Is é téama imeacht na bliana seo ná Uileghabhálacht Thar Earnálacha agus tarraingítear aird ar cheann de Bhunluachanna an Chumainn agus ar phríomhfhócas obair an Chumainn i mbliana.

Eolas Tábhachtach:

  • Spriocdháta d’achoimrí a chur isteach: 8 Márta 2024
  • Fógra glactha: 22 Márta 2024
  • Dátaí na comhdhála: 4-5 Meitheamh 2024
  • Suíomh: Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Corcaigh, Éire

I measc aislingí teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, áirítear rochtain chothromasach agus oscailte ar fhaisnéis, ar sheirbhísí agus ar dheiseanna. Tuigtear, áfach, nach mbíonn an aisling sin soiléir i gcónaí – go háirithe sna daonnachtaí digiteacha, nuair a dhéanann saineolas, scileanna agus fios ar réimse leathan earnálacha, disciplíní agus eagraíochtaí eolas do gach aon rud a bhíonn ar siúl againn. Is gá i gcónaí ár gcuid tuisceana agus an méid a bhíonn á mhaíomh againn féin faoin uileghabhálacht a cheistiú. Ar ndóigh, chuige sin caithfear éagothroime sheanbhunaithe agus thrasnach na gcóras teicneolaíocha chomh maith leis na cultúir agus na sochaithe as a dtagann siad a phlé.

Moltar aighneachtaí a théann i ngleic le ceisteanna uileghabhálachta a thuigtear go forleathan, go háirithe cinn a thugann aghaidh ar dhearcthaí idirdhisciplíneacha agus trasearnála ar an ionchuimsiú. Cuirtear san áireamh anseo tograí a chíorann cur chuige ionchuimsitheach ar thaighde agus ar chleachtas daonnachtaí digiteacha atá coincheapaithe go forleathan. Cuirtear fáilte, chomh maith, roimh thograí ag a mbíonn cur chuige trasnach ar chonstaicí roimh an iomchuimsiú i gcomhthéacsanna éagsúla náisiúnta, eagraíochtiúla agus disciplíneacha. 

Lorgaítear tograí ó aon duine a bhaineann úsáid as modhanna agus as straitéisí digiteacha in earnáil na n-ealaíon, na ndaonnachtaí, na hoidhreachta cultúrtha, agus i dtionscail chruthaitheacha agus chultúrtha. Cuirtear fáilte ar leith roimh thograí ó mhic léinn agus ó thaighdeoirí luathghairme. 

Anuas air sin, tabharfaidh an t-imeacht deis do thaighdeoirí, do ghairmithe, do chleachtóirí agus do mhic léinn ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe na caidrimh reatha a neartú agus conairí comhoibrithe nua a chruthú. Beidh deis ag an lucht freastail dul i dteagmháil le Grúpaí Leas an Phobail, agus le haiseolas a fháil ar thograí do Straitéisí Rialachais agus Ballraíochta an Chumainn.

Tá sé ar intinn ag an gCumann roinnt sparánachtaí a chur ar fáil chun tacú leis an bhfreastal i bpearsa ar an Imeacht Bliantúil. Is ann do na sparánachtaí le rochtain a thabhairt do dhaoine nach mbeadh ar a gcumas acu freastal ar an imeacht murach iad.Tugtar tús áite do dhaoine a mbeidh cur i láthair á thabhairt acu. Beidh lóistín ar phraghas réasúnta ar champas Choláiste na hOllscoile, Corcaigh ar fáil don lucht freastail chomh maith. Fógrófar a thuilleadh sonraí ar shuíomh idirlín an Chumainn. 

Fógrófar an clár agus osclófar an clárú dóibh siúd a bheidh ag freastal i bpearsa agus ar líne níos déanaí san earrach.

Teanga

Cuireann an Cumann fáilte roimh thograí as Béarla agus as Gaeilge, agus is féidir cur i láthair a dhéanamh i gceachtar teanga. Tá leagan Béarla den Ghairm ar Thograí ar fáil anseo chomh maith. Tá sé i gceist go mbeidh cuid den chomhdháil ar fáil as Gaeilge maille le haistriúchán Béarla. 

Aithníonn an Cumann tábhacht an ilteangachais in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Toisc go mbeidh an t-imeacht ar siúl in Éirinn i mbliana, agus chun leas a bhaint as an saineolas atá ar fáil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, tá sé mar rún daingean againn acmhainní cuí a chur ar fáil chun tacú go héifeachtach leis an rannpháirtíocht i nGaeilge agus i mBéarla i rith an imeachta. Táthar ag súil go mbeifear in ann deiseanna a chur ar fáil do rannpháirtíocht i dteangacha eile sna blianta atá romhainn amach. Cuirtear míle fáilte roimh aon mholtaí nó aiseolas ar conas a éiríonn leis an gcur chuige seo i mbliana agus ar conas an t-ilteangachas a chur san áireamh ar shlí níos fearr ag imeachtaí an Chumainn amach anseo.

Formáidí

Cuirtear fáilte roimh ceithre shaghas togra don Imeacht Bliantúil: cainteanna, painéil nó seisiúin chomhchéime, postaeir nó taispeántais, agus ceisteanna machnaimh nó cur i láthair. Cuirtear fáilte roimh thograí do sheisiúin nach bhfuil struchtúr traidisiúnta orthu chomh maith. Léirigh i do thogra cén chatagóir lena mbaineann an cur i láthair atá á chur isteach agat, más é do thoil é. Is cóir go gcloífeadh tograí le líon na bhfocal atá léirithe agus go gcuirtear isteach i bhfoirm PDF iad tríd an gcóras EasyChair. Ní chuirtear tagairtí agus/ná leabharliosta san áireamh i líon na bhfocal. 

  • Cainteanna (200 – 300 focal)
    • Cur i láthair traidisiúnta atá i gceist le caint, le sleamhnáin nó a mhacasamhail, a mhaireann 20 nóiméad. Cuirfear le cainteanna eile iad le hábhair nó téamaí cosúla chun seisiún iomlán a chur le chéile.
  • Painéil nó seisiúin chomhchéime (300 – 500 focal, móide 150 focal in aghaidh an chur i láthair)
    • Cuirtear fáilte roimh phainéil le 3-4 cur i láthair nó plé comhchéime, áit a mbíonn téama ar leith á phlé ag grúpa beag painéalaithe. Is cóir go mairfeadh painéal nó plé comhchéime 75 nóiméad. 
    • Is cóir go mbeadh 300-500 focal sa togra ag míniú ábhar an tseisiúin, chomh maith le 150 focal ag déanamh cur síos ar gach cur i láthair. Má tá seisiún comhchéime á bheartú agat, cuir beathaisnéis ghairid san áireamh do gach rannpháirtí, le do thoil. 
  • Postaer / Taispeántas (200 – 300 focal)
    • Cuirtear fáilte roimh thograí do phostaeir nó do thaispeántais. D’fhéadfaidís sin a bheith i bhfoirm postaeir thraidisiúnta chlóite, postaeir dhigiteach-amháin, taispeántais uirlis dhigiteach, nó taispeántais bhogearraí. Léirigh cén saghas cur i láthair atá á chur isteach agat, más é do thoil é. 
    • Más taispeántas uirlise nó taispeántas bogearraí atá á bheartú agat, cuir sonraí an trealaimh theicneolaíoch a bheidh ag teastáil san áireamh, le do thoil. Beidh roinnt ríomhairí deisce (idir Apple agus PC, le nasc idirlín) ar fáil san ionad, ach beifear ag súil go mbeidh aon trealamh eile ag na rannpháirtithe dá dtaispeántas féin.
    • Is cóir cur síos a dhéanamh ar an méid spáis a bheidh ag teastáil i gcás aon taispeántais atá á bheartú agat a mbeidh fearas cinn réaltachta fíorúla nó teicneolaíocht chosúil in úsáid. Tá spás teoranta san ionad agus b’fhéidir go mbeadh ar athbhreithneoirí riachtanais spáis a chur san áireamh agus na cinntí deireanacha á dhéanamh acu.
  • Ceisteanna Machnaimh / Cur i Láthair (200 – 300 focal)
    • Is deis í an ‘cur i láthair’ seo smaoineamh do thionscadal atá idir lámha agat a roinnt. An bhfuil aiseolas á lorg agat sula gcuireann tú iarratas isteach? An bhfuil suim agat páirtithe tionscadail a aimsiú?
    • Is deis í an ‘cheist mhachnaimh’ seo tús a chur le comhrá nó smaoineamh nua a thriail.
    • Is cóir go léireofaí an cur i láthair nó an cheist mhachnaimh atá i gceist leis an dtogra. Beidh 5 nóiméad ag gach duine cur i láthair a dhéanamh. Cuirfí am do cheisteanna agus do phlé ar fáil ag deireadh an tseisiúin.
  • Seisiún eile (750 focal ar a mhéad)
    • An bhfuil smaoineamh agat do sheisiún nach bhfuil oiriúnach do na formáidí eile? Tá suim againn é a chloisteáil!
    • Is cóir go ndéanfaí cur síos sa togra ar leagan amach an tseisiúin, ar an ábhar, agus ar aon riachtanais theicniúla nó lóistíochtúla. Ní chóir go mbeadh seisiún níos faide ná 90 nóiméad. Má tá ceist ar bith agat faoi cad a d’fhéadfaí a dhéanamh, téigh i dteagmháil linn ag uk-ie.digitalhumanities@sas.ac.uk.

Déanfaidh baill choiste an chláir athbhreithniú ar na tograí ar fad. Déanfar piarmheasúnú dall dúbailte ar gach togra, mar sin iarrfar ort gan aon ainmneacha a scríobh ar na cáipéisí PDF a chuirtear isteach. An t-aon eisceacht ná tograí do sheisiúin chomhchéime, ar a mbeidh ainmneacha na rannpháirtithe luaite go sonrach.

Rannpháirtíocht Fhíorúil

Beidh an t-imeacht seo ar siúl ar an láthair go príomha. Aithnítear, áfach, tábhacht na cian-rannpháirtíochta chun cur leis an rochtain ionchuimsitheach agus mar sin tá sé ar intinn againn príomhghnéithe an chláir a shruthú beo ionas gur féidir le rannpháirtithe iad a fheiceáil ar líne. Déanfar sár-iarracht a chinntiú go mbainfidh rannpháirtithe ar an láthair agus rannpháirtithe fíorúla idir thairbhe agus fhiúntas as an imeacht. Tá seans ann nach mbeifear in ann seisiúin ar leithligh, cruinnithe oibre ná codanna eile den imeacht a shruthú. Má tá ceist ar leith agat faoin inrochtaine nó faoin iomchuimsiú, téigh i dteagmháil le Coiste an Chláir ag uk-ie.digitalhumanities@sas.ac.uk.

Má ghlactar le do thogra a chur san áireamh ag an gcomhdháil, ach muna bhfuil ar do chumas agat taisteal go Corcaigh, beimid sásta socruithe a phlé maidir le cur i láthair fíorúil a thabhairt, de réir an cháis. Beidh áit ar an tairseach aighneachta le léiriú an mbeidh tú in ann freastal ar láthair an imeachta. Má tá aon cheist agat, téigh i dteagmháil le Coiste an Chláir ag uk-ie.digitalhumanities@sas.ac.uk.

Sonraí aighneachta

Cuir togra isteach: https://easychair.org/conferences/?conf=ukie2024

Spriocdháta: 8 Márta 2024 ag 11:59 i.n. GMT

Fógra glactha: Faoi 22 Márta 2024

Má tá ceist ar bith agat, cuir ríomhphost chuig uk-ie.digitalhumanities@sas.ac.uk.